Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 119:83-90 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

83. Bíodh gur ba cosmhuil mé re buidéul annsa deatuigh; níor dhearmaid mé do reachdasa.

84. Cá líon láethe do sheirbhísigh? cá huáir bhéarair breitheamhnus a naghaidh na droinge ainleanas mé?

85. Do thochladar na huáibhrigh puill am choinne, noch nach raibh do réir do dhlighesi.

86. Atáid haitheantasa uile fírinneach: ainleanad mé go héagcóir; cuidighsi liom.

87. Is beag nar chnaóidheadar mé air an ttalamh; níor thréig mé haitheantasa.

88. Béoghuidh mé do réir do thrócaire; agus coimhéadfa mé breitheamhnuis do bhéil.

89. Go síorruidhe, a THIGHEARNA, atá do bhríathar ar na dhaingniughadh annsna neamhuibh.

90. Go ginealach agus go ginealach atá thfírinne: do dhaingnigh tú an talamh, agus seasaidh sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 119