8. Coimhéadfad do reachta: ó na tréig mé go hiomlán.
9. Cred ré nglanfa duine óg a shlighe? ré bheith aireach do réir do bhréithresi.
10. Re mo chroidhe iomlán do lorguir mé thú: ná cuir air seachrán ód aitheantaibh mé.
11. Ann mo chroidhe dfoluigh mé do bhríathra, ionnus nach bpeacuighinn ad aghaidh.
12. Is beannuigh thú, a THIGHEARNA: teagaisg dhamh do reachta.
13. Re mo phuisínibh do chomháir mé breitheamhnus do bhéil uile.
14. Do gháirdighios a slighe thfíadhnuiseadh, mar budh ann a nuile shaidhbhrios.
15. Do dhéanad smúaineadh ann haitheantaibh, agus féuchfad go géar air do shlighthibh.
16. Glacfad áoibhneas ann do reachdaibh: ní dhearmodfad do bhríathra.
17. Cúitigh lé do sheirbhíseach, go mairigh mé, agus coimhéadfad do bhríathra.