69. Do chumadar na huáibhrigh bréag am aghaidh: ré croidhe iomlán coimhéadfa mé haitheanta.
70. Atá a gcroidhe ramhar mar mheathus; atá mo dhúil ann do dhligheadh.
71. Is maith dhamhsa gur buáidhreadh mé; ionnus go ndéan do reachtasa fhoghluim.
72. Is féarr dhamh dligheadh do bhéil ná na mílte dór agus dairgiod.
73. Do rinneadar do lámha mé agus do chumadar mé: tabhair tuigsi dhamh, agus do dhéan haitheanta dfoghluim.
74. An dream ar a bhfuil heagla béid lúathgháireach a nuáir do chífid mé; óir do bhí mo dhóigh ann thfocal.
75. As aithne dhamh, a THIGHEARNA, go bhfuilid do bhreitheamhnuis ceart, agus gur a bhfírinne do ghortuigh tú mé.
76. Bíodh, guidhim thú, do thrócaire dom mheisniughadh, do réir thfocail dot sheirbhíseach.
77. Tigeadh do thrócaire chineulta chugam, ionnus go mairfinn: óir isé do dhligheadh mo dhúil.
78. Cláoidhtear na huáibhrigh; óir do rinneadar olc orum gan adhbhar: do dhéan smuáineadh ann haitheantaibhsi.
79. Iompoighthear chugamsa an drong air a bhfuil heaglasa, agus dar baithne thfiaghnuiseadha.
80. Biodh mo chroidhe diongmhálta ann do reachtaibh; ionnus nach cclaóidhfíghear mé.
81. Atá manam ag meirtniughadh chum do shlánuighthe: do bhí mo dhóthchus ann do bhréithir.
82. Faillighid mo shúile tre do bhréithir, ag rádh, Cá húair dó bhéarair furtachd dhamh?