29. Athruigh uáim slighe na neimhfhírinne: agus áontuigh go grásamhuil dhamh do dhligheadh.
30. Do thogh mé slighe na fírinne: do chuir mé do bhreitheamhnuisi ós mo choinne.
31. Do ghreamuigh mé dot fhiaghnuisibh: a THIGHEARNA, ná náirigh mé.
32. Rithfiod a slighthibh haitheanta, mar fhairseongair mo chroidhe.
33. Teagaisg dhamh, a THIGHEARNA, slighe do reachta; coimhéadfad í go nuige a nfhoirchionn,
34. Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
35. Tabhair oram siubhal a ccasán haitheantadh; óir is annsin atá mo dhúil.
36. Cláon mo chroidhe chum thfiaghnuiseadh, agus ní chum sainte.
37. Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha ó dhíomhaoineas dfaicsin; béoghuidh mé ann do shlighe.
38. Daingnidh do bhríathar dot sheirbhíseach, air a bhfuil heagla.
39. Iompoigh uáim mo scannail noch is eaguil liom: óir is maith do bhreitheamhnuis.
40. Féuch, do bhí fonn agam ann haitheantaibh: béoghaidh mé ann thfíréantacht.
41. Tigdís fós do thrócaireadha chugamsa, a THIGHEARNA, do shlánughadh, do réir do bhréithre.
42. Agus fregéora mé focal dfhior mo choirighthe: óir atá mo dhóigh ann do bhréithir.
43. Agus ná beir as mo bhéul focal na fírinne go hiomlán; óir do fheith mé air do bhreitheamhnusaibhsi.
44. Agus coimhéadfad do dhligheadh a ccomhnuighe go brath agus choidhche.