160. As fírinne tosach do bhreithre: agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe.
161. Do ainleanadar prionnsuidhe mé gan adhbhar: achd do bhí eagla air mo chroidhe red bhréithirsi.
162. Gáirdighim red fhocal, mar an té do gheibh móiréadail.
163. Fúathuighim agus bí gráin agam air bhréugaibh: is ionmhuin liom do dhlighéadh.
164. Moluim thú seacht nuáire san ló a ttaobh bhreitheamhnus thfíréantachda.
165. Atá síothchain mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
166. Do bhí mo dhóigh ann do shlánughadh, a THIGHEARNA, agus do chomhaill mé haitheanta.
167. Do choimhéad manam thfíadhnuiseadh; agus do ghrádhuigh sé íad go ro mhór.
168. Do choimhéad mé haitheanta agus thfíadhnuiseadha: óir atáid mo shlighthe uile ad lathairsi.
169. Tigeadh méigheadh a ngar ad lathair, a THIGHEARNA: tabhair tuigsi dhamh do réir do bhréithre.
170. Tigeadh mo ghearán ós do choinne: do réir do bhréithre sáor mé.
171. Laibheoruidh mo bhéul moladh, mar mhúinfios tusa do reachta dhamh.
172. Freagoruidh mo theanga do bhríathar: óir is fíréantacht haitheanta uile.
173. Cuidigheadh do lámh riom; óir rug mé haitheanta do roghain.