Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 119:15-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Do dhéanad smúaineadh ann haitheantaibh, agus féuchfad go géar air do shlighthibh.

16. Glacfad áoibhneas ann do reachdaibh: ní dhearmodfad do bhríathra.

17. Cúitigh lé do sheirbhíseach, go mairigh mé, agus coimhéadfad do bhríathra.

18. Fosguil mo shúile, agus do chífid neithe iongantacha as do dhlighthibh.

19. Is coigcríoch mé air an ttalamh: ná foluigh haitheanta orum.

20. Atá manam ag briseadh ré mían chum do bhreitheamhnuis gach uile uáir.

21. Do imdhearg tú an tuáibhreach atáíd malluigh, noch do ní seachrán ód aitheantaibhsi.

22. Athruidh uáimsi scannail agus tarcuisne; óir do choimhéad mé thfíadhnuiseadh.

23. Do shuigheadar fós prionnsuighe do labhradar am aghaidh: do dhéana do sheirbhíseach stuidéur ad dhlighthibh.

24. Fós is íad thfíadhnuiseadh máoibhneas, daóine mo chomhairle.

25. Leanaidh manam don luáithreadh: béoghuidh mé do réir do bhréithre.

26. Do comháirimh mé a rís mo shlighthe, agus do chúala tú mé: teagaisg do reachta dhamh.

27. Tabhair orum slighthe haitheanta do thuigsin: agus do dhéanad smuáineadh ad oibreacha iongantacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 119