1. Is beannuigh an drong atá iomlan a slighe, noch shiubhlas a ndligheadh an TIGHEARNA.
2. Beannaigh an lucht choimhéadas a fhiadhnuiseadha, iarras é lé croidhe iomlán.
3. Mar an gcéadna ní dhéanaid éan olc: siubhluid iona shlighthibh:
4. Daithin tú haitheanta do chongmháil go grionghalach.
5. O nach bhfuilid mo shlighthe ar na ndíriughad chum do reachta do choimhéad !
6. Annsin ní bhía náire orum, a nuáir fhéuchfad dot aitheantaibhse uile.
7. Molfad thusa lé dioghruis croidhe, an tan do dhéanad breitheamhnus thfíréantachta dfoghluim.
8. Coimhéadfad do reachta: ó na tréig mé go hiomlán.