6. Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa; ní bhíaidh eagla orum: cred dhéanas duine riom?
7. Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa a measc lucht mfurtachda: agus do chífe mé mó mhían air an lucht fhúathuighios mé.
8. Is fearr dóigh do chur annsa TIGHEARNA ná dóigh do chur a nduine.
9. Is fearr dóigh do chur annsa TIGHEARNA ná dóigh do chur a bprionnsadhuibh.
10. Do chruinnigheadar a nuile chineadh am thimchioll: a nainm an TIGHEARNA geárrfad diom íad.
11. Thangadar am thimchioll; go deimhin, thangadar fa ccuáirt am thimchioll; a nainm an TIGHEARNA fos gearrfad diom íad.
12. Thangadar mar bheachaibh am thimchioll; atáid ar na múchadh mar theine na ndroighean: óir a nainm an TIGHEARNA gearrfad diom íad.
13. Do sháith tú chugam go neartmhar iondus go ttuitfinn: acht ba hé an TIGHEARNA mfear furtachda,
14. Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo chaintic, agus atá dhamhsa na shlánughadh.
15. Atá guth an gháirdeachus agus an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun: do ní lámh dheas an TIGHEARNA gaisge.
16. Atá lámh dheas an TIGHEARNA ar na hárdudughadh: do ní lámh dheas an TIGHEARNA cródhacht.
17. Ní bhfuighiod bás, acht maírfiod, agus foillseochad oibreacha an TIGHEARNA.
18. Do smachtuigh an TIGHEARNA mé go mór: acht níor thoirbhir sé don bhás mé.