Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 118:4-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Abraidís an dream ler beagal an TIGHEARNA, go bhfuil a thrócaire go síorruidhe.

5. Am anacair do ghair mé air an TTIGHEARNA; agus do fhreagair an TIGHEARNA, agus do chuir a réiteach mé.

6. Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa; ní bhíaidh eagla orum: cred dhéanas duine riom?

7. Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa a measc lucht mfurtachda: agus do chífe mé mó mhían air an lucht fhúathuighios mé.

8. Is fearr dóigh do chur annsa TIGHEARNA ná dóigh do chur a nduine.

9. Is fearr dóigh do chur annsa TIGHEARNA ná dóigh do chur a bprionnsadhuibh.

10. Do chruinnigheadar a nuile chineadh am thimchioll: a nainm an TIGHEARNA geárrfad diom íad.

11. Thangadar am thimchioll; go deimhin, thangadar fa ccuáirt am thimchioll; a nainm an TIGHEARNA fos gearrfad diom íad.

12. Thangadar mar bheachaibh am thimchioll; atáid ar na múchadh mar theine na ndroighean: óir a nainm an TIGHEARNA gearrfad diom íad.

13. Do sháith tú chugam go neartmhar iondus go ttuitfinn: acht ba hé an TIGHEARNA mfear furtachda,

14. Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo chaintic, agus atá dhamhsa na shlánughadh.

15. Atá guth an gháirdeachus agus an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun: do ní lámh dheas an TIGHEARNA gaisge.

16. Atá lámh dheas an TIGHEARNA ar na hárdudughadh: do ní lámh dheas an TIGHEARNA cródhacht.

17. Ní bhfuighiod bás, acht maírfiod, agus foillseochad oibreacha an TIGHEARNA.

18. Do smachtuigh an TIGHEARNA mé go mór: acht níor thoirbhir sé don bhás mé.

19. Fosgluidh dhamhsa geatuigh na fíréantachda: rachad a steach ionta, agus molfad an TIGHEARNA:

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 118