Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 118:11-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Thangadar am thimchioll; go deimhin, thangadar fa ccuáirt am thimchioll; a nainm an TIGHEARNA fos gearrfad diom íad.

12. Thangadar mar bheachaibh am thimchioll; atáid ar na múchadh mar theine na ndroighean: óir a nainm an TIGHEARNA gearrfad diom íad.

13. Do sháith tú chugam go neartmhar iondus go ttuitfinn: acht ba hé an TIGHEARNA mfear furtachda,

14. Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo chaintic, agus atá dhamhsa na shlánughadh.

15. Atá guth an gháirdeachus agus an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun: do ní lámh dheas an TIGHEARNA gaisge.

16. Atá lámh dheas an TIGHEARNA ar na hárdudughadh: do ní lámh dheas an TIGHEARNA cródhacht.

17. Ní bhfuighiod bás, acht maírfiod, agus foillseochad oibreacha an TIGHEARNA.

18. Do smachtuigh an TIGHEARNA mé go mór: acht níor thoirbhir sé don bhás mé.

19. Fosgluidh dhamhsa geatuigh na fíréantachda: rachad a steach ionta, agus molfad an TIGHEARNA:

20. Isé so geata an TIGHEARNA, rachaid na fíréun a steach ann.

21. Molfad thú; do bhrígh go gcualaidh tú mé, agus go rabhuis damh mar shlánughadh.

22. An chloch do dhíultadar na saóir sí atá ar ndéanamh na ceann san gcuáine.

23. On TIGHEARNA do bhí so; agus is iongantach é ann ar súilibhne.

24. Isé so an lá do rínne an TIGHEARNA; bíom lúathgháireach agus déanam gáirdeachus ann.

25. Anois, athchuinghim thú, a THIGHEARNA tarthaidh: athchuinghim thú, a THIGHEARNA, soirbhígh anois.

26. Is beannuigh an té thig a nainm an TIGHEARNA; beannuighmaoid sibh o thigh an TIGHEARNA.

27. Isé Día an TIGHEARNA, agus thug sé solus dúinne: ceanglaidh a niodhbairt ré téuduibh, do chorruibh na haltóra.

28. Is tú mo Dhía, agus molfad thú: is tú mo Dhía, agus áirdeochad thú.

29. Moluidh an TIGHEARNA; óir is maith é: óir atá a thrócaire go bráth.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 118