Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 118:10-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Do chruinnigheadar a nuile chineadh am thimchioll: a nainm an TIGHEARNA geárrfad diom íad.

11. Thangadar am thimchioll; go deimhin, thangadar fa ccuáirt am thimchioll; a nainm an TIGHEARNA fos gearrfad diom íad.

12. Thangadar mar bheachaibh am thimchioll; atáid ar na múchadh mar theine na ndroighean: óir a nainm an TIGHEARNA gearrfad diom íad.

13. Do sháith tú chugam go neartmhar iondus go ttuitfinn: acht ba hé an TIGHEARNA mfear furtachda,

14. Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo chaintic, agus atá dhamhsa na shlánughadh.

15. Atá guth an gháirdeachus agus an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun: do ní lámh dheas an TIGHEARNA gaisge.

16. Atá lámh dheas an TIGHEARNA ar na hárdudughadh: do ní lámh dheas an TIGHEARNA cródhacht.

17. Ní bhfuighiod bás, acht maírfiod, agus foillseochad oibreacha an TIGHEARNA.

18. Do smachtuigh an TIGHEARNA mé go mór: acht níor thoirbhir sé don bhás mé.

19. Fosgluidh dhamhsa geatuigh na fíréantachda: rachad a steach ionta, agus molfad an TIGHEARNA:

20. Isé so geata an TIGHEARNA, rachaid na fíréun a steach ann.

21. Molfad thú; do bhrígh go gcualaidh tú mé, agus go rabhuis damh mar shlánughadh.

22. An chloch do dhíultadar na saóir sí atá ar ndéanamh na ceann san gcuáine.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 118