8. Do bhrígh gur sháor tú manam ó bhás, mo shúile ó dhéaruibh, mo chos ó sciorradh.
9. Siobholad ar maghaidh ós coinne an TIGHEARNA a ttalamh na mbéo.
10. Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór.
11. A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach.
12. Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh?
13. Géabha mé cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA.
14. Coimhlionfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile.
15. Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh.