4. Agus do ghair mé ar ainm an TIGHEARNA; A THIGHEARNA guidhim thú, sáor manam.
5. Is grásamhuil an TIGHEARNA, agus is fíréunta; agus atá ar Ndíane lan do thruáighe.
6. Cumhduigh an TIGHEARNA na dáoine simplighe: do hísligheadh mé, agus do sháor sé mé.
7. Iompóigh ó manam, chum do shuáimhneasa; óir do frith an TIGHEARNA go tiodhlaictheach ort.
8. Do bhrígh gur sháor tú manam ó bhás, mo shúile ó dhéaruibh, mo chos ó sciorradh.
9. Siobholad ar maghaidh ós coinne an TIGHEARNA a ttalamh na mbéo.
10. Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór.
11. A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach.
12. Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh?
13. Géabha mé cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA.
14. Coimhlionfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile.
15. Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh.
16. A THIGHEARNA, go deimhin is mé do sheirbhíseach; is mé do sheirbhíseach, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo chúibhrighthe.