Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 115:7-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh.

8. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad; a nuile duine chuirios a dhóigh ionta.

9. O Israel, cuirsi do dhóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhfear tárthala agus a sgíath.

10. O a thigh Aaron, cuiridhsi bhur ndóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhféar tárthala agus a sgíath.

11. Sibhsi noch air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, cuiridh bhur ndóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhfear tárthala agus a sgíath.

12. An TIGHEARNA noch do chuimhnidh sinn beinneochuidh sé sinn; beinneochuidh sé tigh Israel; beinneochuidh sé tigh Aaron.

13. Beinneochuidh sé an lucht air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, an beag maille ris an mór.

14. Méideocha an TIGHEARNA sibh ni sa mhó agus ni sa mhó sibh féin agus bhur cclann.

15. Is beannuigh sibh ón TTIGHEARNA noch do rinne neamh agus talamh.

16. Is leis an TTIGHEARNA, neamh, na neamha: agus thug sé an talamh do chloinn na ndáoine.

17. Ní mholuid na mairbh an TIGHEARNA, nó an lucht théid síos a nuáignios.

18. Acht beinnochaimne an TIGHEARNA ó núairsi súas agus go bráth. Moluidhsi an TIGHEARNA.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 115