Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 113:2-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Biáidh ainm an TIGHEARNA beannuigh ó nuáirsi agus go bráth.

3. O éirghe na gréine gus a dul faói bíodh ainm an TIGHEARNA molta.

4. Is árd ós cionn a nuile chineadhach an TIGHEARNA, ós cionn na neamh atá a ghlóir.

5. Cía atá cosmhuil re ar TTIGHEARNA Día, noch árduigheas é féin a náitreabh,

6. Noch umhluighíos é féin dféachuin annsna neamhuibh, agus annsa talamh !

7. Noch thógbhus súas an bocht as an luáithreadh, árduighios an tuireasbhach ó náoileach;

8. Chum a shuighthe a bhfochair phrionnsuidhe, a bhfochair phrionnsuidhe a phobail.

9. Noch do bheir air mhnaói aimrid áitreabh san tigh, na mathair lúathgháirigh chloinne. Moluidhse an TIGHEARNA.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 113