Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 112:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Atá saidhbhrios agus maóin iona thigh: agus seasfuidh a fhíréantachd go bráth.

4. Eirghidh solus don droing dhírigh san dorchadas: don ghrásamhuil, don trócaireach, agus do nfíréan.

5. Atá an duine maith grásamhuil, agus áirleacthach: ceannsochaidh sé a bhríathra le breitheamhnus.

6. Oír ní corrochthar é choidhche: biáidh an fíréun a gcuimhne shíorruidhe.

7. Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.

8. Atá a chroidhe diongmhálta, ní bhiáidh eagla air, nó go bhfacaidh a mhían ar lucht a bhuaidheartha.

9. Do spréidh sé, thug sé do na bochtaibh; mairigh a fhíréantacht go síorruidhe; biáidh a adharc ar na hárdughadh le glóir.

10. Chífe an peacach sin, agus biáidh fearg air; do dhéana sé díosgán ré na fhíacluibh, agus leighfe sé: meithfe mían an pheacaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 112