Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 112:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór.

2. Budh cumhachtach air an ttalamh a shliocht: biáidh ginealach a nfíréin beannuigh.

3. Atá saidhbhrios agus maóin iona thigh: agus seasfuidh a fhíréantachd go bráth.

4. Eirghidh solus don droing dhírigh san dorchadas: don ghrásamhuil, don trócaireach, agus do nfíréan.

5. Atá an duine maith grásamhuil, agus áirleacthach: ceannsochaidh sé a bhríathra le breitheamhnus.

6. Oír ní corrochthar é choidhche: biáidh an fíréun a gcuimhne shíorruidhe.

7. Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.

8. Atá a chroidhe diongmhálta, ní bhiáidh eagla air, nó go bhfacaidh a mhían ar lucht a bhuaidheartha.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 112