1. Molaidh an TIGHEARNA. Molfa misi an TIGHEARNA rém chroidhe iomláin, a ccomhdháil na ndíreach, agus annsa ccoimhthional.
2. Is adhbhal oibreacha an TIGHEARNA, ar na ttaisbeanadh do nuile dhuine, agá bhfuil dúil ionnta.
3. Is glóir agus is dathamhlachd a obair: agus seasuidh a fhíréantachd choidhche.
4. Do chuir sé a oibreacha iongantacha air cuimhne: atá an TIGHEARNA grásamhuil agus lán do thruáighe.
5. Thug sé bíadh don lucht ar a bhfuil a eagla: cuimhneóchuidh sé a chonnradh go bráth.
6. Do thaisbéin sé cumhachta a oibreach dá dhaóinibh, do thabhairt oighreachda na ngeinteadh dhóibh.
7. Fírinne agus breitheamhnus a síad oibreacha a lámh; atáid a aitheanta uile coinghiollach.
8. Atáid ar na suighiughadh go bráth, ullamh a bhfírinne agus a cceart.
9. Do chuir sé fuasgladh chum a dhaóine: daithin sé go síorruidhe a chonnradh: is náomhtha agus onórach a ainm.
10. Asé eagla Dé tosach na heagna: is maith an tuigse atá acasan uile do ní a aitheanta: mairigh a mholadh go bráth.
Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 111