Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 110:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A dubhairt an TIGHEARNA lem THIGHEARNA, Suidhsi air mo láimh dheis, go ndéarna mé do chosstól dot naimhdibh.

2. Cuirfe an TIGHEARNA slat do neirt amach as Sion: déan úachtaranachd a meadhon do námhad.

3. Bíaid do dhaóine ro fhonnmhar a ló do chumhachda, a sgéimh náomhthachda ó bhroinn na maidne: biáidh agadsa drúcht hoige.

4. Do mhionnuigh an TIGHEARNA, agus ní bía aithreachus air, Is sagart thusa go síorruidhe do réir uird Mhelchísedec.

5. An TIGHEARNA air do láimh dheis loitfidh sé ríghthe a ló a fheirge.

6. Do dhéana se breitheamhnus a measg na gcíneadhach, ag líonadh a nuile áite le córpuibh marbha; ag lot na cceann ós cionn tíre móire.

7. Iobhuidh sé deoch as a tsruth air an ród: ar a nadhbharsin tóigfe sé súas an ceann.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 110