8. Go madh gann a laéthe, agus gabhadh duine oile a oifig.
9. Biodh a chlann na ndílleachdaibh, agus a bhean na baintreabhaigh.
10. Agus biodh a chlann ar seachrán do ghnáth, agus ag íarruidh déirce: agus íarruid mar an gceadna as a náitibh uáigneacha.
11. Glacadh fear na bhfíach an mhéid atá aige; agus creachaidís coigcrichidh a sháothar.
12. Ná bíodh ann duine do shínfeadh oineach chuige: agus na bíodh áon do thaisbeanadh trócaire dá chloinn gan athair.
13. Géarrthar a shliocht úadh; agus a nginealach oile scriostar amach a ainm.
14. Bíodh peacuidhe a aithreadh ar cuimhne ag an TTIGHEARNA; agus ná scriostar amach cionta a mhathar.
15. Bídís do lathair an TIGHEARNA do ghnáth, go ngearra sé amach a ccuimhne don talamh.
16. Do bhrígh nár chuimhnigh sé cinéul dfoillsiughadh, achd go ndéarna ainleanmhuin air an duine bochd mbúaidheartha, ionnus go muirfeadh sé an duine tuirseach a ccroidhe.
17. Mar do ghradhuigh sé easgaine, agus tigeadh si air: mar nach raibh dúil aige a mbeannughadh, bíodh sin a bhfad úadh.
18. Mar déaduigh sé é féin le heasgaine mar a chulaidh, imthigheadh sin mar uisge a steach iona mheadhón, agus mar ola ann a chnamhuibh.
19. Bíodh sin aige mar a néadach lé a bhfoluigheann é féin, agus mar chrios lé a ccriosluigheann é féin do ghnáth.
20. Go má hé so luáidheacht measccarrad ón TIGHEARNA, agus na druinge noch labhrus olc a naghaidh manma.