24. Atáid mo ghlúine lag tre throsgadh; agus atá mfeóil trúagh gan mhéathus.
25. Agus atáim am scannail doibhsion: a nuáir do chíd mé croithid a gceann.
26. Tárthaigh mé, a THIGHEARNA mo Dhía: sáor mé do réir do thrócaire.
27. Ionnus go mbía a fhios aca gur bí so do lámhsa; gur tusa, a THIGHEARNA, do rinne é.
28. Mailluighdíssion, achd beannuighsi: a nuáir éirghid, claóidhtior iad; acht déanadh do sheirbhíseachsa lúathgháire.
29. Eaduighthear measccáirde lé náire, agus foluighdís íad féin re cláois, mar budh le falluing.
30. Molfa mé an TIGHEARNA lem bhéul go mór; agus a measg iomad daóine mholfas mé é.
31. Oír seasfuidh sé ar láimh dheis a nuireasbhuigh, dá sháoradh úathasan noch do dhaimneochadh a anam.