Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 109:18-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Mar déaduigh sé é féin le heasgaine mar a chulaidh, imthigheadh sin mar uisge a steach iona mheadhón, agus mar ola ann a chnamhuibh.

19. Bíodh sin aige mar a néadach lé a bhfoluigheann é féin, agus mar chrios lé a ccriosluigheann é féin do ghnáth.

20. Go má hé so luáidheacht measccarrad ón TIGHEARNA, agus na druinge noch labhrus olc a naghaidh manma.

21. Acht tusa a Dhía mo THIGHEARNA, oibrigh leamsa ar son hanma: do bhrígh gur maith do thrócaire, sáor mé.

22. Oir is buáidheartha easbhuidheach mé, agus atá mo chroidhe créachdnuighthe ionnam a stigh.

23. Atáim ar nimtheacht mar an scáile an tan chláonas: atáim ar mo chrothadh as mar an lócust.

24. Atáid mo ghlúine lag tre throsgadh; agus atá mfeóil trúagh gan mhéathus.

25. Agus atáim am scannail doibhsion: a nuáir do chíd mé croithid a gceann.

26. Tárthaigh mé, a THIGHEARNA mo Dhía: sáor mé do réir do thrócaire.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 109