5. Bí ar hárdughadh, ós cionn na neamh, a Dhé: agus ós cionn na talmhan uile do ghlóir;
6. Chum go sáorthaói háos grádha: sáor le do láimh dheis, agus freagair mé.
7. Do labhair Día iona náomhthachd; do dhéanad lúathgháire, roinnfiod Sechem, agus toimheosad gleann Sucot.
8. Is líomsa Gílead, agus is leam Manasseh; agus is é Ephraim mar an gceadna neart mo chinn; is é Iúdah do bheir mo dhligheadh úadh;
9. Moab mo phota ionnlaith; teilgfiod mo bhróg tar Edom; agus do dhéanad caithréim ós cionn Phalestina.