1. Ata mo chroidhe ollamh, a Dhé; canfad agus bhearad psalm eadhon rem ghlóir.
2. Múscail, a chláirseach agus a shitirn: múisceoluidh misi ar maidin.
3. Molfa mé thú, a measg na ndaóine, a THIGHEARNA: canfad salm dhuitsi a measg na gcineadhach.
4. Oir is mór do thrócaire ós cionn na neamh: agus thfírinne go nuige na spéirighe.
5. Bí ar hárdughadh, ós cionn na neamh, a Dhé: agus ós cionn na talmhan uile do ghlóir;
6. Chum go sáorthaói háos grádha: sáor le do láimh dheis, agus freagair mé.
7. Do labhair Día iona náomhthachd; do dhéanad lúathgháire, roinnfiod Sechem, agus toimheosad gleann Sucot.
8. Is líomsa Gílead, agus is leam Manasseh; agus is é Ephraim mar an gceadna neart mo chinn; is é Iúdah do bheir mo dhligheadh úadh;