6. Feachd dó gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, do sháor sé íad ó na gcumhgach.
7. Agus do thréoruigh sé íad a slighe dhírigh, do dhul go cathruigh áitrighthe.
8. Admhuighdís don TIGHEARNA a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!
9. Oír sásuidh sé an tanam tartmhar, agus líonuidh sé an tanam ocrach lé maith.
10. An lucht so noch shuighios a ndorchadus agus a sgáile an bháis, cuibhrighthe a mbuáidhreadh agus a niarann;
11. Do bhrígh gur chathuigheadar a naghaidh bhríathra Dé, agus gur tharcuisnigheadar comhairle an té is Airde: