Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 107:2-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Abraidís an dream noch dfúascail an TIGHEARNA, noch dfúascail sé ó láimh na daóirse;

3. Agus do chruinnigh íad as na críochaibh, ó náird shoir, agus ó náird shíar, agus ó náird thuáigh, agus theas.

4. Do bhádar ar seachrán annsa bhfásach a slighe uáignidh; caithreacha áitreibhthe ní bhfúaradar.

5. Ocrach agus tartmhar, do lagaidh a nanam ionta.

6. Feachd dó gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, do sháor sé íad ó na gcumhgach.

7. Agus do thréoruigh sé íad a slighe dhírigh, do dhul go cathruigh áitrighthe.

8. Admhuighdís don TIGHEARNA a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!

9. Oír sásuidh sé an tanam tartmhar, agus líonuidh sé an tanam ocrach lé maith.

10. An lucht so noch shuighios a ndorchadus agus a sgáile an bháis, cuibhrighthe a mbuáidhreadh agus a niarann;

11. Do bhrígh gur chathuigheadar a naghaidh bhríathra Dé, agus gur tharcuisnigheadar comhairle an té is Airde:

12. Ar a nadhbharsin thug seision a ccroidhe a núas ré búaidhreadh; do thuislighiodar, agus ní raibh fear da bhfurtachd.

13. Agus déigheadar chum an TIGHEARNA íona mbuáidhreadh, do sháor sé íad ó na gcumhgach.

14. Agus thug sé amach íad as dorchadus agus scáile an bháis, agus do bhris a ccuibhrighthe o cheile.

15. O go molaidis an TIGHEARNA air son a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!

16. Oír do bhris sé na geatadha práis, agus do ghearr sé na barradha íaruinn o cheile.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 107