17. Buáidhearthar amadain do bhrígh a naindlighe, agus do bhrígh a bpeacaidh.
18. Dfúathaigh a nanam a nuile bhíadh; tigid a ngar do dhoirsibh an bháis.
19. Agus do gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, ó na gcumhgach do sháor sé íad.
20. Do chuir sé a bhríathar, agus do leighis íad, agus do thárthuigh íad ó na milleadh.
21. Admhuighdis don TIGHEARNA arson a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!
22. Agus íodhbraidís íodhbartha molta, agus foillsighidis a oibreacha lé lúathgháire.
23. An lucht théid síos chum na fairge a lungaibh, noch do ní a nobair a nuisgeadhuibh móra;
24. Do chíd oibreacha an TIGHEARNA, agus a ionganta annsa naigéan.
25. Oír aithnighionn seision, agus seasfuidh gáoth anfadhach, agus tóigfe súas a thonna sin.
26. Rachaid súas go nuige neamh, rachaid síos gus a naigéan: leaghaidh a nanam tre bhuáidhreadh.
27. Iompoighid chuige is úadha, agus tuismidhid mar fhear meisge, agus ataid ag críoch an éugnadh.