15. O go molaidis an TIGHEARNA air son a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!
16. Oír do bhris sé na geatadha práis, agus do ghearr sé na barradha íaruinn o cheile.
17. Buáidhearthar amadain do bhrígh a naindlighe, agus do bhrígh a bpeacaidh.
18. Dfúathaigh a nanam a nuile bhíadh; tigid a ngar do dhoirsibh an bháis.
19. Agus do gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, ó na gcumhgach do sháor sé íad.
20. Do chuir sé a bhríathar, agus do leighis íad, agus do thárthuigh íad ó na milleadh.