Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 107:13-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus déigheadar chum an TIGHEARNA íona mbuáidhreadh, do sháor sé íad ó na gcumhgach.

14. Agus thug sé amach íad as dorchadus agus scáile an bháis, agus do bhris a ccuibhrighthe o cheile.

15. O go molaidis an TIGHEARNA air son a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!

16. Oír do bhris sé na geatadha práis, agus do ghearr sé na barradha íaruinn o cheile.

17. Buáidhearthar amadain do bhrígh a naindlighe, agus do bhrígh a bpeacaidh.

18. Dfúathaigh a nanam a nuile bhíadh; tigid a ngar do dhoirsibh an bháis.

19. Agus do gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, ó na gcumhgach do sháor sé íad.

20. Do chuir sé a bhríathar, agus do leighis íad, agus do thárthuigh íad ó na milleadh.

21. Admhuighdis don TIGHEARNA arson a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!

22. Agus íodhbraidís íodhbartha molta, agus foillsighidis a oibreacha lé lúathgháire.

23. An lucht théid síos chum na fairge a lungaibh, noch do ní a nobair a nuisgeadhuibh móra;

24. Do chíd oibreacha an TIGHEARNA, agus a ionganta annsa naigéan.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 107