1. Moluidhsi an TIGHEARNA, óir is maith é: óir mairigh a thrócaire go bráth.
2. Abraidís an dream noch dfúascail an TIGHEARNA, noch dfúascail sé ó láimh na daóirse;
3. Agus do chruinnigh íad as na críochaibh, ó náird shoir, agus ó náird shíar, agus ó náird thuáigh, agus theas.
4. Do bhádar ar seachrán annsa bhfásach a slighe uáignidh; caithreacha áitreibhthe ní bhfúaradar.
5. Ocrach agus tartmhar, do lagaidh a nanam ionta.
6. Feachd dó gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, do sháor sé íad ó na gcumhgach.
7. Agus do thréoruigh sé íad a slighe dhírigh, do dhul go cathruigh áitrighthe.
8. Admhuighdís don TIGHEARNA a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndáoine!
9. Oír sásuidh sé an tanam tartmhar, agus líonuidh sé an tanam ocrach lé maith.