Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 105:36-43 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. Agus do bhuáil sé a gcéidgheine iona ttalamh, tosach a neirt úile.

37. Agus thug sé leis amach íad maille re hairgiod agus ré hór: agus ní raibh duine meirtneach ann a ttreabhuibh.

38. Do bhí an Négipt lúathgháireach a núair do imgheadar: óir do thuit a neagla orra.

39. Do leathnuigh sé néull mar fholach; agus teine do thabhairt soluis san noidhche.

40. Díarradar, agus thug se chugtha na gearragoirt, agus do shásuidh sé íad re harán ó neamh.

41. Dfosgail sé an charraic, agus do lingeadar na huisgeadha amach; do reathadar a náitibh tiorma mar shruth.

42. Oír do chuimhnigh sé bríathar a náomhthachda, do Abraham a sheirbhíseach.

43. Agus thug se leis amach a mhuinntír lé gáirdeachas, a dháoine toghtha lé lúathgháire;

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 105