Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 102:12-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Acht tusa, a THIGHEARNA, mairfir go síorruidhe; agus do chuimhne ó ghinealach go ginealach.

13. Eíreocha tú, do dhéana tú trócaire ar Shion: óir atá aimsir grása do dhéanamh uirrthe, a nuáir chinnte, ar tteacht.

14. Oír atá dúil ag do sheirbhíseachaibh iona clochaibh, agus do níd truáighe dá luáithreadh.

15. Ionnus go mbía eagla air na geintibh roimhe ainm an TIGHEARNA, agus air uile ríghthibh na talmhan roimhe do ghlóir.

16. A nuair chuirfeas an TIGHEARNA Sion súas, do chíthfighear iona ghlóir é.

17. Dearcfuidh sé air urnaigh na nuirísiol, agus ní tharcuisnighfigh sé a nguidhe.

18. Scríobhthar so don ghinealeach thiocfas: agus na daóine chruitheochthar molfuid an TIGHEARNA.

19. Oír dféuch sé a núas ó áirde a náomhthachda; do chonnairc an TIGHEARNA ó na neamhuibh an talamh;

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 102