Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 101:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Trocaire agus breitheamhnus chanfas mé: dhuitse, a THIGHEARNA, chanfas mé salm.

2. Tuigfe mé a slighe iomláin. Cá huáir thiocfas tú chucam? siubholad a ndíoghruis mo chroidhe a meadhón mo thighe.

3. Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.

4. Deileochuidh croidhe fíochmhar leam: ní aithneocha mé droch dhuine.

5. An té scannluighios a chomharsa ós isiol, géarrfad eision amach: an tárrachta a radharc agus an tuáibhreach a ccroidhe leision ní fhéaduim iomchar.

6. Biáid mo shúile ar dhaóinibh fírinneacha na talmhan, iondus go naitreabhuid am fhochair: an tí shiubhlus a slighe iomláin, is é do dhéanas serbhís damhsa.

7. Ní dhéana sé áitreabh ann mo thigh noch do ní cealg: an té do labhras bréaga ní dhéana comhnuidhe ós coinne mo shúl.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 101