9. Luighidh sé a bhfeitheamh go diamhair amhuil leomhan iona fhúathais: luighidh sé a bhfeitheamh cum beirthe air na bochduibh; beirídh sé ar an mbochd, a nuáir thairrngios sé é chum a lín.
10. Cromuidh sé, agus umhluighidh sé é féin, chor go ttuitfeadh an bochd le na thréanuibh.
11. A dubhairt sé iona chroidhe, Do dhearmuid Día: foluighidh sé a aghaidh; ní fhaicfidh sé go bráth é.
12. Eírigh, ó a THIGHEARNA; a Día, tóg súas do lámh: ná dearmuid an tumhal.
13. Cred fá ttarcuisnighid na ciontuigh Día? a dubhairt sé iona chroidhe, Ní íarrfa tú é.
14. Do chonnairc tú é; oir do bheir tú aire durchóid agus do mhioscuis, chum a chúitigh led láimh: tiomnuighidh an bochd é féin duit; is tú cobharthóir nan dílleachd.
15. Bris righ an chiontuigh agus an drochdhuine: lorg amach a chionta go nach bhfaghair éainní.
16. Is Rígh an TIGHEARNA go saoghal na saoghal: do cuireadh na geinte seachad amach as a thalamh.
17. A THIGHEARNA, do chúaluidh tú fonn na numhal: uillmheocha tú a ccroidhe, do bhéarair air do chluáis éisdeachd:
18. Chum breitheamhnuis do dhéanamh air an ndílleachd agus air an té foiréigeantar, chor nach éigneochaidh fear na talmhan ní budh mó.