Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 10:4-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Ní dhéan an ciontach, tre úabhar a ghnúisi, lórgaireachd a ndiáigh Dé - ní bhfuil Dia iona uile smuáintighibh.

5. Atáid a shlighthe a ccomhnuigh doilghiosach; atáid a bhreithéamhnuis a bhfad súas as a radharc: maille re na easccáirdibh uile, bidh sé ag fochmhuid fútha.

6. A dubhairt sé iona chroidhe, Ní corrochar mé; óir ní bhía mé go bráth a naindeisi.

7. Atá a bhéul lán do mhallachd agus do mheabhuil agus do cheilg: faói na theangaidh atá urchóid agus díomhaóineas.

8. Suighidh sé a nionaduibh foraire na mbailteadh: annsna hionaduibh diamhaire dúnmharbhuidh sé na neimhchiontuigh: atáid a shúile go foluightheach na súighe a naghaidh na mbochd.

9. Luighidh sé a bhfeitheamh go diamhair amhuil leomhan iona fhúathais: luighidh sé a bhfeitheamh cum beirthe air na bochduibh; beirídh sé ar an mbochd, a nuáir thairrngios sé é chum a lín.

10. Cromuidh sé, agus umhluighidh sé é féin, chor go ttuitfeadh an bochd le na thréanuibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 10