Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Títeas 2:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. agus bíse féin i d'eiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim

8. agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.

9. Abair leis na seirbhísigh bheith umhal dá máistrí agus bheith ómósach i ngach ní. Agus in ionad bheith tagrach

10. nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.

11. Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine.

12. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta,

13. fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.

14. Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.

15. Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Títeas 2