Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Títeas 2:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bíodh d'fhocailse, áfach, ag teacht leis an teagasc folláin.

2. Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus san fhoighne.

3. Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc

4. d'fhonn a thabhairt ar na mná óga bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí

5. agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.

6. Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh bheith stuama staidéartha

7. agus bíse féin i d'eiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim

8. agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.

Léigh chaibidil críochnaithe Títeas 2