Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Séamas 5:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.

7. Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach.

8. Bíodh foighne agaibhse chomh maith. Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna lámh linn.

9. Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.

10. A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne.

Léigh chaibidil críochnaithe Séamas 5