Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Séamas 3:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.

3. Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall d'fhonn go ngéillfidís dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir.

4. Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.

5. Níl sa teanga ach oiread ach ball beag, ach tá bearta móra á maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine!

6. Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.

7. Is féidir don chineál daonna gach cineál ainmhí agus éin agus nathrach agus míol farraige a cheansú, agus tá sin déanta acu,

8. ach ní féidir d'aon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach.

9. Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé.

10. Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.

11. An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil?

12. An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.

13. Cé tá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta.

Léigh chaibidil críochnaithe Séamas 3