Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Séamas 3:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.

2. Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.

3. Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall d'fhonn go ngéillfidís dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir.

4. Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.

5. Níl sa teanga ach oiread ach ball beag, ach tá bearta móra á maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine!

Léigh chaibidil críochnaithe Séamas 3