12. Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse.
13. Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.
14. Cén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil?
15. Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu,
16. agus go ndeir duine agaibhse leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é?
17. Sé a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.
18. Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.
19. Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith.
20. An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha?
21. Nár fíréanaíodh Abrahám ár n‑athair trína dhea-oibreacha nuair a d'ofráil sé a mhac Íosác ar an altóir?
22. Feiceann tú go raibh an creideamh i gcomhar lena dhea-oibreacha agus gur cuireadh críoch ar an gcreideamh trína dhea-oibreacha.
23. Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Chreid Abrahám i nDia, agus áiríodh é sin ina leith mar fhíréantacht” agus tugadh cara Dé air.
24. Is léir daoibh gur le dea-oibreacha a fhíréanaítear duine agus nach le creideamh amháin.