Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Séamas 2:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Óir cibé duine a choimeádann an dlí go léir ach a thuislíonn san aon phonc amháin, ciontaítear é san iomlán.

11. Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coireach in aghaidh an dlí déanta díot.

12. Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse.

13. Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.

14. Cén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil?

15. Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu,

16. agus go ndeir duine agaibhse leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é?

17. Sé a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.

18. Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Séamas 2