Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Séamas 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh.

Cathuithe

2. Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe,

3. mar tá a fhios agaibh nuair a thástáiltear bhur gcreideamh go ngineann sé buanseasmhacht.

4. Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh.

5. Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.

6. Ach iarradh sé le creideamh, gan ruainne amhrais, mar an té a bhfuil amhras air, is cosúil le tonn mhara é a shéideann an ghaoth roimpi agus a shuaitheann sí anonn is anall.

7. Óir ná bíodh an té sin á mheas go bhfaighidh

8. an fear atá idir dhá chomhairle, agus atá neamhsheasmhach ar gach uile bhealach, dada ó Dhia.

9. Maíodh an bráthair uiríseal de bhrí gur ardaíodh é,

10. agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir.

11. Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.

12. Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.

13. Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: “Tá Dia ag cur cathaithe orm,” mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine;

14. ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é;

15. agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige.

16. A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh.

17. Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.

18. Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.

An Creideamh Fíor

19. Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,

20. mar ní chuireann fearg an duine fíréantacht Dé i gcrích.

21. Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.

22. Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.

23. Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán;

24. feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é.

25. Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.

26. An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.

27. Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.