Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 9:4-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;

5. is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.

6. Ní amhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael,

7. ná ní clann Abrahám iad uile toisc gur dá shliocht iad. Ní hea sin, ach mar a deir an scrioptúr: “Is trí Íosác a ainmneofar sliocht duit.”

8. Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais.

9. Mar is iad seo focail an ghealltanais: “Tiocfaidh mé um an dtaca seo arís agus beidh mac ag Sárá.”

10. Agus ní hé sin amháin é ach i gcás Ribeacá freisin: ghabh sise clann ó aon fhear amháin, ónár sinsear Íosác,

11. ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu,

12. dúradh léi: “Beidh an sinsear ag seirbhís don sóisear,” ionas go mbeadh beartas roghnaithe Dé buan agus nach ag brath ar ghníomhartha daoine a bheadh sé ach ar an té a ghlaonn,

13. de réir mar atá scríofa: “Thugas grá do Iacób, agus fuath d'Éasau.”

14. Cad a déarfaimid mar sin? Go bhfuil éagóir ag baint le Dia, an ea?

15. Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: “Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.”

16. Ní rud é, mar sin, atá ag brath ar thoil an duine ná ar a chuid iarrachtaí ach ar thrócaire Dé.

17. Arís sa scrioptúr deir sé le Forann: “Is chuige seo go díreach a d'ardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m'ainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.”

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 9