18. Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith.
19. Déarfaidh tú liom, ní foláir: “Cad é an gearán atá aige ar dhaoine, más ea, mar cé a fhéadfaidh cur in aghaidh a thola?”
20. Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”
21. An amhlaidh nach bhfuil d'údarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna?
22. Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha,
23. d'fhonn saibhreas a ghlóire a léiriú do na hárais a bhí ina ndíol trócaire agus a bhí ullamh ó thús aige le haghaidh na glóire sin?
24. Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith.
25. Mar a deir sé i Leabhar Hóisé:“Glaofaidh mé ‘mo phobal féin’ ar phobal nach liom,Agus ‘mo mhuirnín’ uirthi siúd nach muirneach liom,
26. Agus san áit a ndúradh leo: Ní aon phobal liomsa sibh,Glaofar clann Dé bheo orthu ansiúd.”
27. Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll,
28. mar go nglanfaidh an Tiarna an scór leis an tír go hachomair agus go cinnte.”
29. Agus mar a thairngir Íseáia: “Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodom agus ar chuma Ghomorá.”
30. Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh.