Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 7:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí “ná santaigh”.

8. Ach rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne sin d'oibrigh gach cineál saint ionam; mar in éagmais an dlí bíonn an peaca gan bhrí.

9. Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca

10. agus fuair mise bás. An aithne úd a ceapadh le bheith ina cúis bheatha dom is ina cúis bháis a bhí sí,

11. mar gur rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne mheall agus mharaigh sé mé tríthi.

12. Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith.

13. An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n‑éireodh an peaca peacúil thar na bearta.

14. Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táimse collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca.

15. Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam.

16. Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta.

17. Go deimhin féin ní mise a chuireann an beart i gcrích feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam.

18. Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 7