Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 6:6-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár seannádúr mar aon leis ar an gcrois d'fhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó.

7. Mar an té atá tar éis bháis, tá sé saor ón bpeaca.

8. Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith.

9. Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta,

10. mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo, ach is beatha do Dhia a bheatha feasta.

11. Ar an gcuma chéanná ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.

12. Dá réir sin, ná bíodh an peaca i réim in bhur gcolainn bhásmhar le go mbeadh sibh ag géilleadh dá hainmhianta.

13. Agus ná tugaigí bhur mbaill bheatha suas don pheaca le bheith ina n‑uirlisí urchóide ach, mar dhaoine a bheadh éiríthe beo ó mhairbh, déanaigí sibh féin a thabhairt suas do Dhia agus bíodh bhur mbaill bheatha ina n‑uirlisí fíréantachta ag Dia.

14. Mar ní bheidh aon tiarnas ag an bpeaca oraibh de bhrí nach faoin dlí atá sibh ach faoin ngrásta.

15. Cad é mar sin? An ndéanfaimid an peaca nuair nach faoin dlí atáimid ach faoi ghrásta? Nár lige Dia sin!

16. Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n‑umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta.

17. Bhí sibh tráth ag seirbhís don pheaca, ach a bhuí le Dia, ghéill sibh ó chroí do riail an teagaisc ar cuireadh sibh faoina threoir,

18. fuasclaíodh sibh ó chuing an pheaca agus chuaigh sibh faoi chuing na fíréantachta.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 6