Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 6:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cad a déarfaimid mar sin? An leanfaimid den pheaca chun go méadódh ar an ngrásta?

2. Nár lige Dia sin! Sinne a fuair bás mar leis an bpeaca, conas a mhairfimid fós ann?

3. Nó an é nach dtuigeann sibh, gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost, gur ina bhás a baisteadh é.

4. Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar.

5. Mar má táimid aontaithe leis trí mhacasamhail a bháis beimid aontaithe leis freisin trí mhacasamhail a aiséirí.

6. Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár seannádúr mar aon leis ar an gcrois d'fhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó.

7. Mar an té atá tar éis bháis, tá sé saor ón bpeaca.

8. Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith.

9. Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta,

10. mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo, ach is beatha do Dhia a bheatha feasta.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 6