Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 5:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?

10. Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t‑athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha?

11. Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t‑athmhuintearas sin anois dúinn.

12. Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.

13. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann.

14. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.

15. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.

16. Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha.

17. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 5