Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 4:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht.

15. Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread.

16. Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní amháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir

17. de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d'athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.

18. Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: “Amhlaidh sin a bheidh do shíol.”

19. Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin - bhí sé ag tarraingt ar an gcéad - agus ar bhroinn mharbh Shárá.

20. Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia

21. mar go raibh sé lánchinnte de go bhféadfadh Dia a raibh geallta aige a chur i gcrích.

22. Sin é an fáth ar “áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige”.

23. Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: “Áiríodh mar fhíréantacht aige é”

24. ach inár dtaobhna chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna,

25. a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 4